slider-photo-2

Aontroim

Tá clú agus cáil ar an teanga agus na cluichí Gaelacha i gCo. Aontroma, go háirithe i mBéal Feirste, mar sin is ceantar ar leith í Béal Feirste do Champa Chormaic. Tá muid anois inár seachtú bliain de Champa Chormaic, agus tá coicís speisialta beartaithe i mbliana.

De ghnáth bíonn Campa Chormaic Béal Feirste lonnaithe i gColáiste Feirste ar Bóthar na bhFál, ach i mbliana beidh muid lonnaithe i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh as siocair go mbeidh tógáil ag tosú ar Choláiste Feirste. Beidh an spórt tráthnóna bunaithe ar pháirc 3G na bunscoile chomh maith le Naomh Eoin atá béal dorais le Bunscoil an tSléibhe Dhuibh. Tá Campa Chormaic Aontroma dírithe ar pháistí idir 8 agus 16 bliana d’aois, idir bhuachaillí agus Cailíní.

Tá muid ag dúil go mór le bhur gcuideachta i rith an champa i mbliana!

Déan teagmháil le:
Máirtín Mac Gabhann
028 90234442

oifig@glornamona.com

Aontroim

Coláiste Feirste/Naomh Eoin 25ú – 29ú Iúilcláraigh anois
Coláiste Feirste/Naomh Eoin 1ú – 5ú Lúnasacláraigh anois

Campa 2014 DSC_0041 DSC_0052 DSC_0206 DSC_0370 DSC_0417 DSC_0579 DSC_0622