Bunaíodh Campa Chormaic i gceantar dúchais Chormac sa bhliain 2004 sa Bhréantar taobh amuigh den Eaglais i gCo Thír Eoghain. Tá Campa Chormaic lonnaithe in Áras an Bhaird, ionad cultúrtha ina mbíonn ranganna teanga Campa Chormaic Thír Eoghain.
Mar sin de beidh Campa Chormaic ThÍr Eoghain ar siúl ar féadh trí seachtaine agus dírithe ar pháistí idir 9 mbliana agus sé bliana déag d’aois.
Bíonn na ranganna maidine faoi stiúir múinteoirí cáilithe agus cludaíonn na ranganna sin an Ghaeilge, stair agus cultúr.
San iarnóin, bíonn cúrsaí dirithe ar Spórt. Anseo foghlaimeoidh tú scileanna na gCluichí náisiúnta, faoi stiúir cuid de na traenalaí is fearr sa tír agus seans go mbeidh realt peile nó iomanaíocht ag tabhairt cuairt chugat anseo.











